School: Cluain Chumhra (roll number 15660)
- Location:
- Cluain Chortha, Co. Chiarraí
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is minic a thagadh fíon raice isteach ar an dtráig an uair sin. Tháinig bairrile mór uair agus deineadh é roinnt. Cana mór a bhíodh ag crú na mbó againn a thug m'athair lán d'fhíon agus ní dubhairt sé aon fhocal ach an cana a chur ar bhonn a drosair(dresser). Bhíodh an cana lán d'uisge glan ann gach aon oidhche sa bhliain mar ní bheadh mo mháthair gan uisge glan a bheith sa tigh istoidhche, ach sin sgéal eile! An oidhche seo ach go h-áirighthe bhí putóga déanta aig an seanabhean agus nuair a bhíodar líonta ullamh aice chuir sí 'n chorcán iad os cionn na teine. D'iompuig annsan agus chaith sí an cana uisge dar léi isteach sa chorcán na dteannta agus gan aon amhras aice ach gur b'uisge glan a bhí aice ann. Tar éis tamaill tháinig m'athair isteach agus nuair a chonnaic sé an cana folamh tháinig iongnadh air. "Cár cuireadh a raibh sa chana so?" ar seisean. "Chuireas ar na putóga ar an dteine é." arsa ise. "Cuiris an eadh?" ar seisean agus iongnadh air. "Cuireas," ar sise "cad na thaobh?" M'anam, a bhean, ach go mbeidh anairthe mhéith agat" ar seisean.
Ní cuimhin liom anois a n-itheadh iad ach is docha go n-itheadh.- Informant
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male