Scoil: Breac-Cluain (B.) (uimhir rolla 16217)
- Suíomh:
- An Bhreac-chluain, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Breac-Cluain (B.)
- XML Leathanach 473
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Comh bán le bainne, comh milis le mil ...”
Comh bán le bainne. Comh milis le mil. Comh h-árd le falla.Comh dearg le fuil? Úbhall
Ciochu a b'fhearr leat,máthair céile bean do dhriothár nó máthair céile do dhriothár? Máthair céile bean do dhriothár mar sí mo mháthair féin í.
Do cúardúigeas agus ní fuaras,agus dá bhfagainn é ní thabarfainn liom é,agus nuair ná fuaras do thugas liom é? Dealg id cois.
Do caitheas suas é cómh bán le sneachta, agus tháinig sé anúas ina óir bhúidhe leachta? Ubh.
Droichead ar loch gan carraig gan cloch? Bogha báistige.
Dá mhéid a thógann tú as, is níos mó a bhíonn sé? Poll.
Bairille sa tráig agus a dhá ceann dúnta? Ubh.
Bíonn sé lán agus ragadh a thuille isteach ann? Corcán Prátaí
Do thug mo athair síolta dom le cur. Bhí an talamh bán agus bhí na síolta dubh? Císte arán.Seán Ó Cathasaigh.
Fuaireas an méid seo óm'mháthair.
Tá sí 40 bl.aoise.
Tógadh í i nGort a' Chorráin, Abha na Scáil.
Chualaidh sí é ós na sean daoine ar a mbaile, nuair a bhí sí óg-'na cailín beag.- Bailitheoir
- Seán Ó Cathasaigh
- Inscne
- Fireann