Scoil: Breac-Cluain (B.) (uimhir rolla 16217)
- Suíomh:
- An Bhreac-chluain, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Breac-Cluain (B.)
- XML Leathanach 484
- XML “Béaloideas”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá áit ar an dtaobh tuaidh de Loc Scáil i gcnoc Drom Abhaile n'a raibh Cuchulainn na comhnaidhe ann. Do bhí caislean ináirde ar bharr an cnuic agus do bhí regiment saighduiri in a seasamh ar faid an chnuic. B'é saighduiri iad na clocha móra fado ina seasam agus sgraitín mar caipín ortha. Nuai a féacfa suas ortha do tabarfa an leabhar gur bh'fearaibh iad. Tháinig fatach o ait eile agus thugh sé féin agus a Shaighduiri fútha. Ins an áit go nglaodtar Cromán chidhfeá an caisleán. Biodar ag troid ar feadh dá lá, agus Cuchulainn ag fághail an lámh uactair ar Chromán.Do bhí Croman á ullumhughadh féin chun imtheact la.Do caith Cuchulainn luiath ar Cromán,ach spuineog a chaith sé. Nuair a chonnaic Cromán cad a caitheadh ar d'aithin sé ná raibh a tuille luaidhe aige. Do lean Cromán do bheith ag caiteam agus do leag sé caislean Cuchulainn agus ta an fhothrach ann fós.Fuaradh an scéal so ó Mhuiris Ó Cinnéide, Cam Dubh. Tá sé 84 bliadna. Feirmeoir. Chaith a shaoghal ar fad i gCam Dubh. Chualaidh sé an scéal ó sheandaoine a bhí ar an mbaile le linn a óige. Bhíodar os cionn 70 bliadhain nuair a chualaidh sé iad. Sgriobhadh an scéal so an 8adh Mhárta 1938
- Faisnéiseoir
- Muiris Ó Cinnéide
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 84
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Com Dubh, Co. Chiarraí