Scoil: Breac-Cluain (B.) (uimhir rolla 16217)

Suíomh:
An Bhreac-chluain, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádraig Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 504

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 504

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Breac-Cluain (B.)
  2. XML Leathanach 504
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí fear ina chomhnuidhe in áit in aice Oilean Ínse gurbh ainm do an Gearaltac.

    Bhí sé pósta agus bhí a dhriothair in a chomnuidhe leis. Lá amháin do ceannuig dhriothar an fear a bhí pósta agus ni raibh aon áit aige a cuirfeadh sé í ac i dteanta na mbac a bhí ag fear an thig. Do thosnuigeadar ag bruigean agus do rug fear an thigh ar thaobhán tighe agus do mhairbh sé a driotháir annsan do rith sé leis féin suas ar an gcnoc agus do chuaidh a bhean go dtí na Póilíní. Do chuadar á lorg agus bhíodar an oidhche go leir ar an gcnoc Do chuaidh an bhean leis na Póilíní.I lár na h-oidhche do chonaic an bhean fear aosta. D'fiafruigh sí de cad é an tam é. Dubairt sé léi gur b'é am siubhlóide na marbh é agus am codalta na mbeo. Tareis tamall mhaith do fuaradar an fear. Do tháinig an bhean abhaile agus dubairt sí leis na daoine é agus dubhradar gur'bh é anam an fear a bhí marbh a bhí ann.
    Fear a bhí ag fagháil bháis agus dubhairt sé le na mhac a rádh leis na comharsain go raibh sé ag fagháil bháis.. Seo mar a dubhairt sé:- A bhuachaill má imthigheann tú imthigh agus ná stad.
    Beir mo thuairisg go dtí mo chomhluadar go bhfuilim go lag.
    Do fhuar mo chluasa agus d'imthigh mo neart.
    Agus buanacht na luatha do bhaineas de'n gcat.
    Eibhlín Ághas ó Chathair a' Chrotaire,Abha na Scáil a fuaradh an dá eachtra so. Tá sí 74bl:, Níor fhág a háit féin riamh.Tógadh síos iad 18adh Mhárta,1938
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    2. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Eibhlín Ághas
    Inscne
    Baineann
    Aois
    74
    Seoladh
    Cathair an Chruitire, Co. Chiarraí