Scoil: Baile Uí Dhuibhne

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 614

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 614

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Leathanach 614
  3. XML “Scéal Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó ríamh bhí garsúinín óg na chómhnuidhe le na athair agus a mháthair. Bhíodar ana bocht ar fad agus guair an t-athair bás agus ní raibh aon slíghe bheatha aca annsan. Bhí aon bó amáin aca agus cuaidh an gartsún go dti an aonach leis an mbó. Buail fear leis ar an mbóthar agus bhí muc aige agus dúbhairt sé leis an ngarsún go dtabhrfadh sé an mhuc dho inionad na bó. Tá go maith arsan garsún . Bhí sé ag dul ar an aonach leis an muic agus bhuail fear eile leis agus bhí gé aige. Dúbhairt sé an rud ceadna leis an ngarsún. Tá go maith airís arsan garsún, fuair sé an gé ón bhfhear. Cuaidh an garsún go dtí an aonach agus an gé aige. Nuair bí se ann buail an tríomhadh fear leis bhí mala beag d'úbhla lobhtha aige agus fuair an garsún na h-ubhla ón bhfear inionad an ghé. Núair a tháinig sé abhaile arsa a mháthair "ca bfuil an méid airgid a fuairis ar an mbhó" "feac é" arsa garsún. Dhfeach a mháthair siteach san mála. Thosnuig sí á búaladh bí sé oidhche annsan agus chuaidh sé isteac i leabhaid ach níor thuit choladh air, in aon-chor, an oidce sin. I lár na h-oidhche chonnaic sé a athair ar an dtaobh amuigh don leabaidh, dúbhairt an fear leis, na h-ubla do chur fé chré mortímceall an tíghe. Do chuir sé íad agus bhí mórán crannaibh ann. Bhí fathach mór na chomhnuidhe maice tighe an garsúin agus bhí sé ana cruid ar na daoine bochta. Bhí na daoine bochta go léir d'iarraidh an fathach do mharbhú. Lá
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seamus d'h- Orda
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Lios na Caolbhuí, Co. Chiarraí