Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 653](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0429%2FCBES_0429_653.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 653
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- XML Leathanach 653
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear agus bean ann fadó dara bainim dóibh Siobháinín agus Dómhnailín. Do bíodar ag siubhal rómpa go dtí Co Luimnighe. Do bhí feirimeóir mór ann agus thug sé lóistín oidhche dhóibh. Do bhí sé chun bheith ag baint móna. Lá'r na mháireach agus do d'fhiaraig Dómhailín do Siobháinín "conas atá do lúidíní a Suibhainín" "ó taid siad lán do thochas agus beidh an lá máireach na thótán báistí. "Seadhi" arsa Dómhnall leis an bhfeirimeóir. "na bí ag baint móna mar beidh an lá amáireach na thóttán báistí" Seadh an tarsa. Lá bé an scéal ceadhna é. Ach an tríomhad lá. "Arsa Dómhnailín le Siobháinín "conas atá do lúidíní anucht"? "ó taid siad go breág agus beidh an lá amáireach go breág." Annsan dubhairt Dómhailín leis an bhfeirimeóir"faig meitheal agus bhí ag baint na móna amáireach". Do fuair an feirimeóir na fir agus do bhí sé ag baint na móna agus dúbhairt sé le'n na chuid fear ar an bportach go raibh fear siubhail 'na tig go raibh "fhios" ; aige agus dúbhairt an feirimeóir is mó a bhí i Luimneach an "fear feasa" a thúbhairt chuige féin. Do bhí bean an feirimeóra chun leanbh óg a bheith aici agus do Fiarriag sé de Dhómhnall an mac nó inghean bhead acu. "Beidh beirt aici" arsa Dómhnailín. Do chuir(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Siobhán Ní Néil
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádruig O Néil
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Lios na Caolbhuí, Co. Chiarraí