Scoil: Baile Uí Dhuibhne

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 724

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 724

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Leathanach 724
  3. XML “Aimsir na Géarleanúna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. San teóra atá idir Chnoc Bhreánain agus paróiste Mórach tá cnoc ann agus glaodann siad "Fuithir na Manach," air. Deir siad go mbíodh na sagairt ag léigeamh an Aifrinn ann fadó i Aimsir na Géirleanamha. Tá leac mhór ann go nglaoidís "Leac na h-Altórach" uirthi. Fadó bhíodh Aifreann á léigheamh i dTír Bhruin i bpairc le Mícheál Ó Cnochubhair go bhfuil carraig mhór ann go nglaotar "Carraig an Aifrinn" uirthe, agus bhí pruaseanna inaice na carraige 'na dtéigheadh 'na sagairt i bfólach ón dtóir ionnta. Lá amháin nuair bhí sagart ag léigheamh an Aifrinn do chonnaic na daoine na saighdiúirí agus na gadair ag teacht. Dúbhairt an sagairt leis na daoine gan corruige. Dhein sé fíor na croise ós cómhair na ngadar amach. Cad a léimfeadh amach as poll a bhí sa phairc ach trí molthacháin. As go bhráth leo agus na gadair na ndiaidh. Do baisteadh "Tobar na Molt" ar an áit ó shoin. Inaice Árd Fhearta atá sé. Is anamh a leigeadh na sagairt an Aifreann ins an tighthib. Is ins na cnochaibh agus caoillte is mó a léighidís é. Bíod mórán airgid air cheann sagairt an uair sin.
    (Fuaireas é seo óm athair atá 49 bliana d'aois. Cualaidh sé é ón a mhathair féin atá marbh anois)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. aimsir na bpéindlíthe (~4,335)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Mhuirchearthaigh
    Inscne
    Baineann