Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 604](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0429%2FCBES_0429_604.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 604
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá corcánín óir i bhfolach istig i Liosachán beag ar bun chnuic atá i liosnacáolbhuidhe. Glaodhtar "Liosbhuidhe" ar an áit sin. Fadó chuaidh muinntir na Tíorach á lorg, ach ní fhéadfhaidís é d'fhághail mar bhí cat mór dubh ag tabhairt aire dho. Bhí crios óir tímpeall muinnéil an chait.
Tamall na dhiaidh an chuaidh fear atá in a chomhnaidhe sa Tír darb ainm do Conn Ó Néill go dtí an Liosachán. Bhí a phóca lán do chlocha aige chun an cat do mharbhú. Nuair a chonnaic sé an cat do mhairbh sé é, agus fuair sé an t-ór. Nuair a tháinig sé abhaile chuir sé an corcán i bhfolach, ach an oidhche sin bhí gach aon cat a bhí san pharóiste lasmuigh do'n bhfuinneóig agus bhíodar ag liúirig agus ag méabhghail. Lá ar na bháireach chuir Conn an chorcán isteach san liosachán arís aguis nuair a tháinig sé go dtí an liosachán chonnaic sé an cat marbh agus cúpla cat eile inaice leis. Tháinig sé abhaile agus níor chuaidh sé go dtí an liosachán ó shoin.- Bailitheoir
- Eibhlís Ní Néill
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Néill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65