Scoil: Killorglin (B.) (uimhir rolla 12832)

Suíomh:
Cill Orglan, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Ml Ó Donnchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0434, Leathanach 338

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0434, Leathanach 338

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Killorglin (B.)
  2. XML Leathanach 338
  3. XML “An Fear a Bhí ar lorg Mná agus a Fuair Óinsín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An fear a bhí ar lorg mná agus a fuair ónisighin:-
    “Blian a’ taca seo phósas
    Ba dheas is ba óg a bhíos
    Bhí péidhre breágh carabhat agam
    M’fhuip is mo ladhanna (loidhne’) buidhe
    Is truagh nár deineadh mé thórramh
    Nó preabadh go h-óg ar luing
    Sar ar ceanglaidh mé leis an ósta
    Do loisg is do dhóigh mo chroidhe.

    11
    Is eolach dómh-sa an sórt seo
    A dheánfadh rogha gan eólas
    Ná bíonn gúna ortha ná clóca
    Ná cóir ortha chun tighe.
    Tinnteán glan ná foghanta
    Léine geal ná gleóite
    Ach an aindeis ag gabháil dóibh siúd
    Ar a dtóin is iad 'na suidhe
    111
    Nuair a thagaim-se isteach tráthnóna
    Ní bhíonn teine ná teas ann romham-sa
    Tinnteán glan ná fóghanta
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Dhonnchadha
    Inscne
    Baineann
    Aois
    17
    Seoladh
    Gleann na gCoileach, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Uí Rathallaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    70
    Seoladh
    Gleann na gCoileach, Co. Chiarraí