Scoil: Killorglin (B.) (uimhir rolla 12832)
- Suíomh:
- Cill Orglan, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml Ó Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Killorglin (B.)
- XML Leathanach 370
- XML “Cé acu Gleann na gCoileach nó Gleann na gCaileach an tAinm Ceart”
- XML “Uaigh na dTrí Rí, Bóthar na Lochlannach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)i ndisc on am gur leagadh an choill mor timcheall air i aimsir an chogadh mhoir.
- Uaigh na dTrí Righthe agus Bothar na LochlannachTráthnóna ile agus mé ag caint le Dóm. Ó Duibhir luaidhte cheana, do theasbáin sé dhom i gcúinne páirce in aice a thighe féin trí clocha agus a mbarra os cionn talmhan agus dubhairt sé gurbh é suid "uaigh na dtrí righthe." Nuair a bhithear ag baint mhóna ins na portachaibh sa Baile Fearainn seo de Mhuing a' Phúca, dubhairt liom gur castí ortha uaireanta fad ó giota mór fóla timcheall ceithre fóid i ndoimhneacht fé uachtar an phortaigh ach gan aon chnamha bheith le fhaghail. Is deallrathach gur buaileadh troid san áit seo le Ré na Lochlannach mar tá giotaí sean-bhothair le feiscint annso fós ag dul soir tríd an Roinn agus siar go dtí Ros Beithe agus an Cromán cois na farraige áiteanna go dtagaidís na Lochlannaigh i dtír go dtí gur briseadh cath ortha ag Muinntir Mhuircheartaigh ó Corca Duibhne agus ag Muintir Locha Léin timcheall 831(?)
Deirtear liom go raibh an bothar so marcálta ar léarscalaí an Ordnance Survey bliadhanta ó shoin agus ní fheaca aon cheann acu súd.M. Ó Donnchadha, P.O. Cill Fhorglan- Bailitheoir
- M. Ó Donnchadha
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill Orglan, Co. Chiarraí