Scoil: Killorglin (B.) (uimhir rolla 12832)
- Suíomh:
- Cill Orglan, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml Ó Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Killorglin (B.)
- XML Leathanach 343
- XML “Amhrán an tSagairt”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán an tSagairt (ar lean)
“Tráinóinín aoibhinn le buidheachtain na gréine”
(ar lean ón leathanach roimhe)Do thugais na leabhra ná déanfá í h-uthraidhe
Agus (cócól)* ní dhéanfainn ar Éireann
do bhean a h-Ainme."1V.
Sagart:-
"Nuair a chuirim orm mo léine agus m'éadaigh bhréagh bheannuighthe
bíonn an leabhar agam 'á léigheamh
Agus ní dheineann sé dhom aon tairbhe
mar ní ar Muire bhím ag cuimhneamh ach ar Bhrighde na bobharus."V.
Sagart:-
"Raghad-sa ar feadh bliana ag iascach thar Sionainn,
Agus caithfidh mé mo líonta seacht míle ar an uisge
Ag siúl leis an Árd-Mhac go snáimhfadh sí am' choinne,
'Sí an bordán geal áluinn a d'fhág snighthe lag mise."(x):- Ós rud é go raibh an Mhaighean Mhuire mar chéile ag an Sagart, dá dtréigeadh í, bhíodh an Mhaighdean Mhuire 'na "cócól."
* cócól: fear nó bean gur thréig a céile é nó í, do chaitheadh an duine sin (an té a bhí tréighthe) caipín áirighthe .1. "caipín cócóil." Deirtear gur éaluigh bean de dhuine de's na Conallaigh in Uibh Ráthach uair, le h-oifigheach airm Shasana agus bhíodh an pobal ag magadh agus ag gáire fé. 'Sé rud a dhein sí ná cócól do chaitheamh ag dul do'n Aifreann dó trí Domhnaigh i ndiaidh a chéile agus deirtear go mbeadh an dlighe aige ar éinne a bheadh ag magadh faoi.- Bailitheoir
- Caitlín Ní Dhonnachadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 17
- Seoladh
- Loch Cárthaí, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Rathallaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Gleann na gCoileach, Co. Chiarraí