Scoil: Killorglin (B.) (uimhir rolla 12832)
- Suíomh:
- Cill Orglan, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml Ó Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1.
A chailín bhog óg ná pós aon t-sean duine liath
'S ná cuir do dhá láimh le grádh dhó thairis aniar
Tá'nn tú bog, óg agus fós níor tháinig duit ciall
Ach má mhaireann tú beó beidh mórchuid leanbh it' dhiaidhCurfá;
Oró a shean duine leat-sa ní gheóbhad-sa
Oró a shean duine leagadh na bhfód ort,
Oró a shean duine leat-sa ní gheóbhad-sa
Cathú ar mo chroidhe 'stig bheith sínte go deó leat.
11.
Is moch ar maidin a thugainn na h-uibhe dhó
Aríst do'n bhricfast bainne breágh bríoghmhar
Iasc ón' bhfairrge ag cnagarnaigh is ím air
Is thar éis é chaithte níl anam ná brígh ann.Curfá:-
Óro a sheanduine - - - - - - - - - -srl.111.
Do chuadhas go dtí an mhargadh ag ceannach gléas íarainn
Píopaí is tobac is cláracha cómhrainn
Ar casadh 'ríst abhaile dhom go tuirseach tinn brónach.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Loch Cárthaí, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Rathallaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Gleann na gCoileach, Co. Chiarraí