Scoil: Castlerock N.S. (uimhir rolla 13242)
- Suíomh:
- Droim Mártain, Co. Shligigh
- Múinteoir: Frank Haran
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0174, Leathanach 009](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0174%2FCBES_0174_009.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0174, Leathanach 009
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Castlerock N.S.
- XML Leathanach 009
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí sean-fhear beag thíos i gCúl Carnaigh. Théigheadh sé amach 'cuile oidhche ag cuartaidheacht.”
(ar lean ón leathanach roimhe)leis go teach na nDuadaigh. Nuair a tháinig sé 'un a tighe d'fhág sé an rolla mór ar an gclaidhe. Chuaidh sé isteach agus dubhairt sé go raibh ádhbhar na gcultaca aige. Dubhairt siad leis
"Bog leat as seo."
Níor fhéad siad creideamhaint go raibh ádhbhar na gcultacha aige.
"Muna nglacfaidh sibh é b'fhéidir gurb é an t-ádh domsa é. Gheobhfaidh mise airgead air."
Dhearc fear acu amach tríd an bhfuinneóig. Chonnaic sé an rolla mór ar a ghualainn. Ghlaoidh sé air. Tháinig sé arais leis an rolla éadaigh. Bhreathnuigh siad.
"Is breágh a rinne tú" ar siad-san.
Thug sé dóibh-te é. Ghearr sé amach deich n-acraí saor dhó. fhaid a bhéadh saoghal ar saoghalchan. Chuaidh sé abhaile go buidheach beannachta faoí na deich n-acraí talmhan seo bheith aige. Chómh luath is tháinig sé abhaile thriall sé leis go hEasbog Cill Alaidh. D'innis sé dhó cé'n gnóithe bhí aige, go raibh sé ag an bPápa, go bhfuair sé leitir uaidh le tabhairt do le dhá leith a dhéanamh de pharóiste Attymas agus Bonniconlon áit a raibh dhá seiplíneach ag troid. Ní chreidfeadh sé é ach nuair a thug sé an leitir dhó ars an t-Easbog
"Sé lorg a láimhe é. Sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Ó Chearbhall
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leitir Brón, Co. Shligigh