School: Castlerock N.S. (roll number 13242)
- Location:
- Drummartin, Co. Sligo
- Teacher: Frank Haran
![The Schools’ Collection, Volume 0174, Page 009](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0174%2FCBES_0174_009.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0174, Page 009
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Castlerock N.S.
- XML Page 009
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí sean-fhear beag thíos i gCúl Carnaigh. Théigheadh sé amach 'cuile oidhche ag cuartaidheacht.”
(continued from previous page)leis go teach na nDuadaigh. Nuair a tháinig sé 'un a tighe d'fhág sé an rolla mór ar an gclaidhe. Chuaidh sé isteach agus dubhairt sé go raibh ádhbhar na gcultaca aige. Dubhairt siad leis
"Bog leat as seo."
Níor fhéad siad creideamhaint go raibh ádhbhar na gcultacha aige.
"Muna nglacfaidh sibh é b'fhéidir gurb é an t-ádh domsa é. Gheobhfaidh mise airgead air."
Dhearc fear acu amach tríd an bhfuinneóig. Chonnaic sé an rolla mór ar a ghualainn. Ghlaoidh sé air. Tháinig sé arais leis an rolla éadaigh. Bhreathnuigh siad.
"Is breágh a rinne tú" ar siad-san.
Thug sé dóibh-te é. Ghearr sé amach deich n-acraí saor dhó. fhaid a bhéadh saoghal ar saoghalchan. Chuaidh sé abhaile go buidheach beannachta faoí na deich n-acraí talmhan seo bheith aige. Chómh luath is tháinig sé abhaile thriall sé leis go hEasbog Cill Alaidh. D'innis sé dhó cé'n gnóithe bhí aige, go raibh sé ag an bPápa, go bhfuair sé leitir uaidh le tabhairt do le dhá leith a dhéanamh de pharóiste Attymas agus Bonniconlon áit a raibh dhá seiplíneach ag troid. Ní chreidfeadh sé é ach nuair a thug sé an leitir dhó ars an t-Easbog
"Sé lorg a láimhe é. Sé(continues on next page)- Collector
- Tomás Ó Chearbhall
- Gender
- Male
- Address
- Letterbrone, Co. Sligo