Scoil: Castlerock N.S. (uimhir rolla 13242)
- Suíomh:
- Droim Mártain, Co. Shligigh
- Múinteoir: Frank Haran
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Castlerock N.S.
- XML Leathanach 032
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí péire in-a gcomhnuidhe in aice tighe righ uair amháin agus ní raibh aca ach inghean agus fearacht chuile duine eile...”
Bhí péire in-a gcomhnuidhe in aice tighe righ uair amháin agus ní raibh aca ach inghean agus fearacht chuile duine eile nach bhfuil mar clann aca ach ceann amháin rinne síad peata dhí. Nuair a bhí mo dhuine in ann do'n obair ní chuideóchadh sí le'n a máthair a bhí cromtha as ucht an méid oibre a dhéineadh sí. Lá amháin bhí mórán oibre le déanamh sa tigh. Ní raibh an bhean bhocht in ann é a dhéanamh agus d'iarr sí conghnamh ar an inghin ach ar sise "níl mé in ann a leithead a dhéanamh" Is annsin a chonnaic an mháthair an aimhreacht a rinne sí agus peata a dhéanamh de'n chailín. Gan a thuilleamh a radh fuair sí bunsach mó slat agus bhí ag gabháil ar an duine beag gur bhrus síad í smidiríní.
Thárla go raibh an rí ag gábháil thar an teach ag an bpuinnte sin agus chúala sé an rí rá agus an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Ó Cearbhall
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leitir Brón, Co. Shligigh