Scoil: Mín (uimhir rolla 13938)
- Suíomh:
- An Tuairín Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: -
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0450, Leathanach 050](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0450%2FCBES_0450_050.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0450, Leathanach 050
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín
- XML Leathanach 050
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Níl aon tobar beannaithe i bparóiste Cnoic na gCaiseal ach in aice an tsráidbhaile tá tobar fíor-uisce...”
(III) Níl aon tobar beannuighte i bparóiste Cnoic na gCaiseal ach i n-aice an tsráid-bhaile tá tobar fior-uisge - Tobar na Tuinne ( Well of the Marsh ) in a ndeineadh leigheas miorbhailteach tá timcheall ceud blian ó shoin.Bhí bean in a comhnuighe tamall siar ó Oileán Ciarraighe. Ní raibh ach an t-aon leanbh amháin aice - garsún beag leiceach a bhí ag dul as ó lá go lá. Biodh sí ag impidhe ar Dhia de ló is d'oidhche gan an leanbh do thógaint uaithe ach in ionad aon biseach teacht air is amhlaidh a bhí sé ag dul i laige is in-olcas in-aghaidh an lae.Oidhche nuair a bhí an garsún bocht i riocht an bháis geall leis taisbeánadh do'n mháthair i mbriongloíd an tobar so - Tobar na Tuinne i gCnoc na gCaiseal agus dubhradh léi (mar a cheap sí) an leanbh d'folcadh sa tobar sin agus go leigheasfaí é.Lár na bhárach tug sí aghaidh ar Cnoc na gCaiseal. Thum sí an leanbh sa tobar agus leigheasadh é.(gan teideal)
“Leath-slighe idir Cnoc na gCaiseal is Oileán Ciarraighe ar an dtaobh dheas don priomhbóthair tá portach mór - Portach a'tSioda, agus seo mar a fuair sé a ainm.”
Conas tras-scríobh a dhéanamh »Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.- Faisnéiseoir
- Donnchadh Mac Curtáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)