School: Gníomh go Leith (B.) (roll number 1703)
- Location:
- Gníomh go Leith, Co. Chiarraí
- Teacher: Cormac Ó Laoghaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gníomh go Leith (B.)
- XML Page 348
- XML “Scéalta i dtaobh na bhFilí - Scéal i dtaobh Eoin Rua”
- XML “Scéalta i dtaobh na bhFilí - Scéal Eile i dtaobh Eoin Rua”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhfeirmeóir.
- Ba léir do chách gur fear ana aerach Eóghan, ach ar a shon san is uile, fear léigheanta, tuiscionach, geár-chúiseach, geár-ínntinneach do b'eadh é. Ní raibh aon chúram air, agus ní raibh cíos, cás, nó cathú air. Cé gur fear ana léigheanta é, ní hionann san is a rádh go raibh sé gan locht.Nuair do théigheadh sé isteach sa tig, ní bhíodh múm ná mám as, agus uaireannta do leoghadh sé air gur amadán críochnuighthe é. Ar aon chuma, tráthnóna éigin le linn do bheith ag siúbhal, do ghaibh an ochras air, agus bhí na h-ioscaidí ag lúbadh fé, mar níor bhlais sé blaise bídh ó ghlaodh an choilig, is bhí a cheann ag scoltadh le tinneas cínn. San tslíghe dho, do chonnaich sé tig áluinn, agus do chuir sé roimhe dul isteach ann, ar ais no ar éigin. Do sháidh Eóghan a cheann an doras isteach, agus bhí an súipéir á ithe ag an sagart a bhí ann. Annsan do tháinig lasadh ar a ghnúis, agus do chuaidh sé isteach. Níor chuir an sagart aon chur isteach air, agus mar an gcéadhna Eóghan, mar do leog sé air go raibh sé go cúthail.Tar éis tamaill mhaith, d'fiafruig an sagart de a ainm. "Muise" arsa Eóghan "glaodhann siad ainm ait neamh-coitchian orm." "Bhel cad é an ainm sin" ars'an sagart. "Glaodhan siad "Johnny ate a bit" orm" arsa Eóghan, le racht ionghantais. De phreib, bhí iongnadh agus alltacht ar an(continues on next page)
- Collector
- M. O Daláigh
- Gender
- Male
- Address
- Gníomh go Leith, Co. Chiarraí
- Informant
- Bean Ui Mhuimhneacháin
- Gender
- Female
- Age
- 78
- Address
- Gníomh go Leith, Co. Chiarraí