Scoil: Faithche (B.) (uimhir rolla 11405)

Suíomh:
An Fhaiche Thiar, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Muircheartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0458, Leathanach 009

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0458, Leathanach 009

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Faithche (B.)
  2. XML Leathanach 009
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí cailín óg dathamhail na comhnuidhe i mbaile beag ar bruach na fairrge thiar annso. Sar a raibh sí aon bhliadhain déag d'aois cailleadh a munntir - slán beó mar n-innstear é agus eachtra an droch-sgeil i bhfad uainn.
    Is amhlaidh a báthadh a h-athair agus cailleadh an mháthair láitheach na dhiaidh san de dheascaibh bróin is uaignis i ndiaidh a céile caoin. Níor fagadh de speilp an t-saoghail ar an gcailín ach dhá ghabhar agus uail chearc.
    Ach ní raibh aon fhear óg na aosta dar luigh súil uirthi nar thug searc is síor-ghrádh dhí. Bhí bath na dúthaighe ar éadtromacht 'na diaidh. Rud ba mhór - mheasa na san féin ní h-aoinne amháin de'n muinntir a chuir sí dí, agus gur thug sí drom- láimhe bó, a thug droc íde air féin luath na mall. Ní mór na raibh an dúthaigh 'na chogadh craorach bna toisc.
    Ach phós sí iascaire óg sgaránta leathan - láidir ar aois a cúig déag dí. Aodh ab ainm do'n bfhear. Ní rabhadar an bhliadhain iomlán pósta agus iss 'na leabhaidh luige séoil, nuair tháinig stoirm, oidhche agus báthadh a fear. Rugadh mac dí sé agus baisteadh Aodh air i ndiaidh a athar.
    Ní raibh a mhac ach bliadhain go leith nuair fuadaigheadh é - bhí an bhainntreabhach bhocht annsan gan "Murcha gan Mhaonas", agus d'imthigh sí roimpí. Stad na staonadh níor dhein sí go dtainig sí go bruach locha i gcomhar sléibhe in aice Cille Aírne.
    Thóg sí bothán beag suarach dí féin ar bhruach an locha agus gach aon fhear riamh a tháinig an creó thuit sé agus ngradh leí. Lá amháin, thainig mór -shluagh d'uaisle Sasana
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Chathain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Lios Póil, Co. Chiarraí