Scoil: Drumgossatt (B.) (uimhir rolla 14071)
- Suíomh:
- Droim Guasachta, Co. Mhuineacháin
- Múinteoir: T. Ó Muireadhaigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0929, Leathanach 221](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0929%2FCBES_0929_221.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0929, Leathanach 221
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Má thárluigheann aon rud as an bhealach deireann siad "bhí a fhios agam chualaidh mé an chearc ag glaodhach." Ubh mór - sin comhartha eile a cuireas in iúl go bhfuil an mí-ádh le teacht - is minic a bhíos ubh ann in a mbíonn buidheachán dúbailte - sin é an ubh nach mbíónn fáilte roimhe. Cuirtear ar leath taobh é agus níór ithtear é. Má theipeann ar na barraí-an coirce nó an cruitneacht - má bhíónn páiste mhór san pháirc gan torradh air deirtear gur sin comhartha an bháis - comhartha go bhfágfaidh duine bás sul a mbíónn an bhliahdain caithte.
Tá a lán sgeach geal fá dtaobh na h-áite. Ní cuirtear isteach ortha agus is féidir iad d'feiceáil annseo is ansiúd tríd na páirceanna. Ceann amháinleis féin agus é i lár páirce. Deirtear go mbíonn na sigheóga in a suidhe faoi. Deirtear freisin gur ag bun an chrainn atá an cróca óir i bhfolach agus go mbíonn na sigheóga d'á faire san oidhche.
Tá páirc nó dó san áit seo agus is minic a théigheann duine ar seachrán ionnta. Bíonn siad ag dul tríd an pháirc agus ní bhíonn aon dul as. Bíonn(leanann ar an chéad leathanach eile)