Scoil: Cor Críochach
- Suíomh:
- An Chorr Chríochach, Co. Mhuineacháin
- Múinteoir: Ss. Ó Muireadhaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cor Críochach
- XML Leathanach 352
- XML “Seanfhocla agus Seanráite”
- XML “Cúig Chéimeanna an Phósta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Is furas fuineadh cois mine.
(Is furas arán a dhéanamh má tá an min agat, agus is furas rudaí eile a dhéanamh má biónn an caoi agat chuca)
Tá goirm (gairm) a’ choiligh ann, tá sé goirm a’ choiligh duine modhamhail galánta agus ba choir dó ó thaobh athara agus máthara.
Fiafruighe agus fios.
(deirtear é seo le duine nuair a chuireas sé ceist ort a dtaobh droch ruda a tharluigh duit agus tú lán cinnte go bhfuil an t-eolas aige cheanna féin).
Comnigh a bhfuil in do bhéal.
(deir tú é so nuair a bhriseadh tú isteach ar chainnt duine eile le rud éigin a rádh na taobh)
Rinneadh droch-amharc air.
Nuair a bhíonn an bolg lán bíonn na cnámha ag iarraidh socail.
Bhí an cnoc thall ar an chnoc abos. (ní rabh séimhiú ar an ‘b’)
(deirtear é so nuair a dhiúltingheas duine rud a chabhairt duit agus gur léir duit nach bhfuil leith-sgéal aige tú a d’úiltiú ach é ag iarraidh léith-sgéal d’fhagáil.)
Nuair a chuaidh mé d’á iarraidh bhí an cnoc thall ar a’ chnoc abus. - Suirighe, suirighe; pósadh, posadh’ páistí, páistí; cáirde, cáirde; (=Credit) próiste, próiste. (=Process)
Cha dtiocfadh le duine a bith aon dadaidh bheith ‘na chuideacht nó ós a chionn comh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Ó Muireadhaigh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)