Scoil: Cor Críochach
- Suíomh:
- An Chorr Chríochach, Co. Mhuineacháin
- Múinteoir: Ss. Ó Muireadhaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cor Críochach
- XML Leathanach 354
- XML “Réamonn agus an tEallach”
- XML “Ag Goid an Ghearráin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Chuaidh fear darbh ainm Réamonn go Conndae na Midhe agus ghoid sé tréad mór eallaigh: bhí sé féin agus giolla a bhí aige ag tiomaint an eallaigh thar lios Curraigh Bhreacáin nuair a labhair guth as an lios agus dubhairt sé:
"A Réamuin, 'Reamuin, íocfa' tú, íocfa' tú."
"Gá h-é íocfas?" arsa Réamon.
"Clann do chloinne"
"Cuma' sa dioabhal nuair a rachad sé a' fad sin" arsa Réamon 'tiomáin leat."
Tá lios Curraigh Bhreacáin i Machaire Cluana.- Bailitheoir
- Séamus Ó Muireadhaigh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Peadar Ó h-Ionnractaigh
- Inscne
- Fireann
- Chuaidh beirt fhear chuig toigh oidhche amháin le gearrán a ghoid. D'fhan fear aca amuigh leis an ghoid a dhéanadh agus chuaidh an fear eile isteach le seanchas a choinneál suas le muintir an toigh agus le h-eolas a thabhairt do'n fhear amuigh goidé mar bhí gach rud istigh.
Bhí maistriughadh á dhéanamh ag muintir an toighe nuair a chaidh sé isteach. Rug sé ar an lointhín [?] mar is gnáthach do strainséar a dhéanamh agus thug sé a sheal ag an maistriughadh. An fhad is bhí sé d'á dheánamh seo thoisigh sé a gabhail ceoil agus ar an dóig seo thug(leanann ar an chéad leathanach eile)