Scoil: Cor Críochach
- Suíomh:
- An Chorr Chríochach, Co. Mhuineacháin
- Múinteoir: Ss. Ó Muireadhaigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0934, Leathanach 353](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0934%2FCBES_0934_353.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0934, Leathanach 353
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cor Críochach
- XML Leathanach 353
- XML “Cúig Chéimeanna an Phósta”
- XML “Domhnach Cásca - An Bricfeasta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mí-adhbhárach le deor dílleachtuidhe nó mallacht baintreabaighe
Seacht sgalladh do chriodhe ort!
Is léar do’n Dall a bhéal.
Go rabh tarraingt do láimhe agat!
Phós mé bean mar gheall ar eallach,
Thainic an geimhreadh is d’fheann sé an t-eallach
Is tá mé ‘nois gan bhean nó eallach.
Éist le tuile na h-abhna agus gabhfaidh tú breac. - Fadhó shoin nuair a bhíodh an breicfeasta réidh agus bunadh an toighe 'na suidhe thart fá'n mbórd leis an bhreicfeasta d'uibheacha ithe, d'eírigheadh fear an toighe agus thugadh sé ubh agus spanóg leis go dtí an doras. Sheasadh sé ins an doras agus bhriseadh sé an ubh. Chaitheadh sé giota de'n uibh amach agus giota eile isteach agus annsin giota amach agus giota isteach an dara h-uair. Deireadh sé na focla seo de réir mar bhí sé á gcaitheamh amach is isteach!
" Carghas amach,
Caísg isteach
A' donas amach
A' sonas isteach."
Annsin shuidheadh sé shíos agus thoisigheadh siad uilig ar an bhreicfeasta ithe.
Tomás Ó Beirn,
Liosdúnaina d'nnis.S.O'M.- Bailitheoir
- Séamus Ó Muireadhaigh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Beirn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Lios Dúnáin, Co. Mhuineacháin