Scoil: Cor Críochach
- Suíomh:
- An Chorr Chríochach, Co. Mhuineacháin
- Múinteoir: Ss. Ó Muireadhaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Chaill mé ar an aonach é." arsa Seán.
"A ghráidhe Mhic Chába, dhíol tú mo ghasún, dhíol tú mo ghasún,," ar sise. "Béidh gearrán maith agat anois i n-áit do shean-ghearráin bháin ar luach Pháidí againn-se."
'Un [?] na Carraige léithe íochtar a clócha thar a cionn. Tháinig sí go dtí áit in-a rabh gallúnach á dhéanamh an uair sin. Mhothuigh sé an boladh.
"Nach mothuigim a bholadh a róstadh! Nach mothuigim a bholadh a róstadh!" ars-'an bhean bhocht.
Abhaile léithe aríst. Chuaidh sí amach as sgairtigh akgus ag caoineadh ar n cruic. Chruinnigh na comharsana isteach chuici.
'Se mur mbeatha a dhaoine mhodamhla Churraigh Bhreacáin," ar sise. "go dtí an toigh tórraidh (torramh) [?] ach gá'l (cá bhfuil) an corp gá'l an corb?"
Bhí fair sa toigh an oidhche sin agus na daoine uilig cruinnighthe ann. Fuair máthair Páidí a bhróga agus chuir sí ar chlár iad.
'Och," ar sise, "seo na bróga ach gá'l na cosa, gá'l na cosa!"
Tar eis oidhche fhada bhrónach a caitheamh mar sin an bhean bhocht ag sgreadach agus ag caoineadh rith an ama tháinig Páidí abhaile le breachadh an lae i ndiaidh oidhche a chur thart i dtoigh carad in-a rabh damhsa [?] cupla míle ó'n a toigh féin.- Bailitheoir
- Séamus Ó Muireadhaigh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Peadar Ó h-Ionnrachtaigh
- Inscne
- Fireann