Scoil: Siolbhrain (Shelbourne) (uimhir rolla 5235 or 5484)
- Suíomh:
- Gort Rúscach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Síghle, Bean Uí Thuama
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí an-shainnt ag Eoghan chun ól. D'ólfadh sé an braon anuas, mar a deirtear. Sclámhaidhe abeadh é, agus insan am sin do théídheadh daoine go dtí Sasana chun obair d'fhagháil, agus ní miste a rádh go raibh sé go flúirseach ann. Thagaidís abhaile gach bhliadhain timcheall na Nodlag.Bhíodh Eoghan ag obair le feirmeóirí igcomnuidhe. Do bhí sé ag obair ann aon uair amháin, agus bhí sagart gorta in chomnuidhe in aice leis; agus ní stadaidís acht ag cur síos ar an sagart.Bhí buachaill éigin ag obair san bhfeirm seacas Eoghain, agus bhíodh an bheirt aca ag chur síos i gcomhnuidhe ar an sagart, ar a shainnt, agus ar a ghorta.Nuair a bhí deire na foidhne caithte ag Eoghan dubhairt sé "Ní dóig liom go bhfuil sé chómh-h-olc san. Cuirfidh mé geall leat go bhfaighead mo dhinnéar uaidh."
"Cuirfidh mé cúig púint síos ná bhfaighir." arsan bhfeirmeóir. "Níl ach raoghal agam-sa," arsa(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Ceallacháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ashgrove, Co. Chiarraí