Scoil: Siolbhrain (Shelbourne) (uimhir rolla 5235 or 5484)
- Suíomh:
- Gort Rúscach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Síghle, Bean Uí Thuama
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Siolbhrain (Shelbourne)
- XML Leathanach 054
- XML “Loch”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"An mó a thugais ortha?" aran duine uasal
Dhá phúnt agus deich sgillinge," arsa Seán
"Cad é an fhaid a bheidh siad agat, sara ndíolfar iad?"
"Ceithre mhí, nó mar sin, arsa Seán.
"An mó a gheobhair ortha an uair sin?" arsan duine uasal
"Ocht bpúint," arsa Seán.
"Tabhairfead an méid sin duit anois."
"Tá go maith. Bíodh siad agat," agus thug (?) an duine uasal ocht bpúint ar a bhais do.
"Tabhair suas go "Loch na hÓrnan" iad anois
"Tá go maith," arsa SeánNuair a shroiseadar an loch, do leig sé de an ciseán. Glaodhac an duine uasal,
"A Thaidhg, a Thaidg! tabhair i leith an bád."
D'eirig fear agus bád suas as an loch agus do cuireadar na banbhaí isteach san mbád agus isteach leis an duine uasal in a dhiaidh sin, agus do fhág siad slán do Sheán, agus d'imthigh an bád fé'n uisce, agus ní fheaca Seán a thuille iad.Annsan do thosnuigh Seán ag rith agus a lámh in a phóca, féacaint an raibh an t-airgead ann. Chóimhrigh sé airís é. Chuaidh sé abhaile agus áthas air. Lá ar na mháireach, do chuir sé an t-airgead isteach sa bhannc, mar níor leig an eagla air é do choimeád sa bhaile.- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Uí Chonaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 78
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Drom an Easaigh, Co. Chiarraí