School: Tulca (roll number 1396)
- Location:
- Na Tulacha, Co. Chiarraí
- Teacher: Mícheál Ó Dálaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulca
- XML Page 184
- XML “Seanleigheasanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seana-leigheasanna1. Liocán agus salann: - Leigheas na bpiasdaí i leanaidhe ab eadh é. Tógtaí liocán agus pínsín salainn agus é do thógaint ar ceallacháin (=céalacan) gach maidin.2. Fl (?): - Ceiridhe do chneadh ab eadh é. Fásann an luibh sin ar na hiomairíbh ins an ngairridhe.3. Meachain "da abha" (ceartaithe dobha* ?): - Leigheas na n-ioscoidí (=neascóidí) ab eadh é. 4. Slánlus: - Leigheas do ghearradh. Cuirtí in aice na teineadh é agus
annsa[n] cuirtí ím úr leis agus cuirtí leis an gcneadh é.5. Caisreabhán: - Leigheas do dhroch
g[h]oile ab eadh é.6. Sean-chré: - Fén sceich gil tógtaí amach roinnt den chré agus cuirtí in árus é. Cuirtí uisge air agus sgagataí an t-uisge sin de. Cuirtí roinnt eile uisge air, sgagataí airís é, agus an tríomhadh uisge óltaí é. Bhíodh leigheas air do
d[h]roch ghoile. Pé rud ná réidhtigheadh le goile an duine, t[h]iocfadh fonn múisce air ach uisge an tseanchré d' ól.7. Eidhneán: - Cuirtí na duilleoga ar na cneádhannaibh. Deintí caipín eidhneáin díobh agus(continues on next page)- Informant
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Occupation
- Fear poist
- Address
- Na Millíní, Co. Chiarraí