School: Tulca (roll number 1396)
- Location:
- Na Tulacha, Co. Chiarraí
- Teacher: Mícheál Ó Dálaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulca
- XML Page 199
- XML “Liosanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- LeasaTá mórán aca tímcheall na háite seo, agus tá radharc ar gach ceann aca ar an tarna ceann agus mar sin dóibh tríd is tríd. Creideann cuid dos na daoinibh ag a mbíonn creideamhaint i bpiseogaibh nach cóir d'éin[n]e aon bhaint isteach do dhéanamh ortha ach baineann a lán daoine eile easair nú pé rud a bhíonn ag fás tímcheall ortha.
Bíonn a lán sgéalta mar fhiadhnaise gur rud mí-adhmharach dul i ngar dóibh nú aon nídh a bhaint uatha. Cuir i gcás: - Dubhairt fear liom gur ghearr sé cuaille i lios áirighthe chun bó do cheangailt agus maidean i mbárach bhí an t-ainmhidhe atuighthe go mór. Thóg sé an cuaille agus chaith sé san lios é agus ba ghearr go raibh an bhó slán airís.
Bhí beirt driothár ina gcómhnuidhe in aice leasa eile. Thógadar clocha as chun claidhe do dhéanamh agus i geann seachtmhaine bhí an bheirt fé chlár acht gur minic ó shoin thóg fear eile clocha as an áit chéadna agus tá sé ina bheathaidh fós.Ó Phádraig Ó Súilleabháin, Milíní, Bunán.(continues on next page)- Informant
- Pádhraig Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Occupation
- Fear poist
- Address
- Na Millíní, Co. Chiarraí