School: Tulca (roll number 1396)
- Location:
- Na Tulacha, Co. Chiarraí
- Teacher: Mícheál Ó Dálaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulca
- XML Page 311
- XML “Scéalta na mBan Sí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéalta na mban sidheTá tigh feirmeora leath-mhíle ón áit seo agus seo sgéal ina thaobh: -
Bhí beirt chailín ann oidhche amháin agus bhí fear an tighe imthighthe go Beanntraighe mar lá aonaigh a bhí ann agus bhí na cailíní ag feitheamh leis chun teacht. Bhíodar tuirseach, tnáidhte tar éis oibre an lae agus timcheall a dó dhéag do shíneadar ar an tsuidheachán agus chuireadar bolta ar an ndorus mar do bhí [a] fhios aca go ndéanfadh na fir fothram le linn a bhuailte ar theacht abhaile dhóibh.An cailín a bhí ar an dtaobh istigh den suidheachán thuit an codladh uirthi acht bhí an cailín eile ina dúiseacht. Ní raibh aon solus sa tigh acht amháin ón dteineadh agus timpeall leath-uair tar éis a dó dhéag tháinig bean isteach tríd an gcisdin agus shuidh sí cois teineadh go ceann tamaill.Nuair [a] chonnaic an cailín í tháinig sgeoin uathbhásach uirthi agus thug sí sáth[adh] dá gualain[n] don gcailín eile chun í do dhúiseacht. Theip uirthi agus i gceann tamaill eile d'eirigh an bhean agus amach an dorus léi airís. I ndeire[adh] na scríbe tháinig na fir ón aonach. Dheineadar cnag ar an ndorus.(Séamas Ártúr. Doire na gCathrach, Neidín, 50 bl.)(continues on next page)- Informant
- Séumas Ártúr
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Doire na Cathrach, Co. Chiarraí