Scoil: An Clochar, Neidín
- Suíomh:
- Neidín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Brighid Ní Lochlainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a bhíonn an patrún ann. Tá cillíní Naomh Fionnbarra agus compánach ann agus is isteach ann a théigheann na daoine nuair a bhionn an turas á dhéanamh acu.
LÁ BEALTAINEOidhche Bealtaine téigheann na daoine amach agus deinid an t-uisce coisrice do chaitheamh ar na barraí. Deirtear go mbíonn rath ar na barraí má deintear a leithéid. Tá nós leis ag na daoine gan teine ná bainne a leigint amach as an dtig an lá sin. B'oth leis na sean daoine dá mbeirfí leanbh Lá Bealtaine. Deireann siad fós go mbíonn a leithéid de leanbh leicthe go deo.
LÁ FHÉILE PHEADAIR AGUS PHÓILTá tobar naomhtha Peadair agus Poil i gCíll Paidir i gCíllgarbháin. Ní'l fhios ag aoinne cad na taobh gur ann atá an tobar. De réir deallraimh is ann a bhí cillíní Peadair agus Póil. Deineann na daoine turas ann lá an fhéile. Tá deilbh Peadair is Póil ann agus le deidheanaighe chuir an Sagart Paróiste igCíllgarbháin Calvary áluinn ar bun ann. Ólann na(leanann ar an chéad leathanach eile)