Scoil: Kenmare (B.) (uimhir rolla 2849)
- Suíomh:
- Neidín, Co. Chiarraí
- Múinteoirí: Eoghan Ó Súilleabháin Liam Mac Cuisín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Smaoineadh an Bhreithimh.Bhí beirt dritheár ina gcómhnuidhe le chéile uair, agus mar a thárluigheann go minic, bhí an bheirt ana dheallramhach len' a chéile Is ar éigin a aithneochthá duine thar an duine eile. Bhí paiste beag talmhan aca agus chaithidís a saoghal go léir ag obair ann. Chuireadar paircín coirce an bhliain seo agus gach maidin nuair a eirighidís deireadh Seán le Tadhg "Buail síos, a Thaidhg ar eagla go mbeadh aon rud istig in ár bpáircín coirce".
Maidin amháin nuair a chuaidh Tadhg síos cad a chífeadh sé acht ba le duine de's na cómhursain ag ithe an gheamair. Dhera, h-anam an riabhach! Bhuail taom feirge é. Rug sé ar an speil a bhí le taobh an chlaoidhe agus le h-aon bhuille amháin bhain sé an ceann di.
Cúpla lá inadhiaidh sin gabhadh Tadhg bocht Tugadh ós cómhair an bhreithimh é. Daoradh chun a chrochta é gan aon mhoill mar b'shin an dlighe a bhí ann an uair sin. "Ach'" ars'an breitheamh "tabharfaidh mé seans duit chun tú féin a shaoradh. Cuirfidh mé dhá cheist chughat agus má bhíonn tú indan iad do fhreagairt sgaoilfidh mé leat".(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Donnchadh Magh Ghloinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mala, Co. Chorcaí