Scoil: Kenmare (B.) (uimhir rolla 2849)
- Suíomh:
- Neidín, Co. Chiarraí
- Múinteoirí: Eoghan Ó Súilleabháin Liam Mac Cuisín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Kenmare (B.)
- XML Leathanach 490
- XML “An Bhean Throm”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Bhean Trom.Oidhche amháin d'fág fear in iarthar Thuaith ó Siosta a bhaile chun dul go dtí aonach i Neidín Timcheall a ceathair a chlog ar maidin tháinig sé go mullach Charraig an Eidhn. Sa dorchadas cad a chífeadh sé roimis amach ach bean gleásta le h-éadaighe dubha ag siubhal an bhóthair. Nuair a thánaig sé taobh léi do stad sé a chapall agus dubhairt leis an mnaoi suidhe isteach sa chairt. Do leím sí isteach igcorp na cairte láithreach. Bhuail an fear flíp ar an gcapall ach ní fhéadfadh an t-ainimhidhe bogadh as an áit ina raibh sí dá méid iarrachta a dhéanfadh sí. Sa deire léim an bhean amach airís. Le sin d'imthig an capall leis mar ba ghnáth. "Suidh isteach anois" ars an fear "leis an mnaoi "Tá an stailc sin curtha dhe aige".
Do léim an bhean isteach agus má léim do stad an capall mar a dhein sé roimis sin. Níorbh aon mhaith a bheith leis - bhí ualach ró-throm air.
Do léim an bhean amach airís agus nuair a léim do bhog an capalll leis gan duadh. An triomhadh uair tháinig sí isteach ach bhaineadh stad as an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Eóghan O Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Damhros, Co. Chiarraí