Scoil: Kenmare (B.) (uimhir rolla 2849)
- Suíomh:
- Neidín, Co. Chiarraí
- Múinteoirí: Eoghan Ó Súilleabháin Liam Mac Cuisín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Kenmare (B.)
- XML Leathanach 512
- XML “An Bheirt Duine Uasal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Bheirt Duine Uasal.Bhí beirt duine uasal ann uair. Níor mhaith le duine aca an duine eile agus chuimhnigh sé ar é chur as a shlighe. Thug sé cuireadh dinnéara dhó ach dúbhairt sé leis gan a ghiománach (compánach a théigheadh leis an duine uasal ar chuairteanna) a thabhairt leis.
D'fhág sé an tig gan é in aoinfheacht leis. Bhuail fear ar an mbóthar roimhe agus cluas air mar abheadh sé ag éisteacht le duine éigin. "Cad é an saghas duine tusa"? ars an duine uasal leis. "Is mise Cluas le h-Éisteacht", ar sé. "Cad tá ar siubhal anois agat?" ars' an duine uasal "Táim ag éisteacht le fear agus bean sa domhan toir a dhéanamh grádh le chéile" ar seisean. D'fhág an duine uasal annsan é. "Hé!" arsa Cluas le h-Éisteacht "is dóigh liom go mb'fhearra dhuit mise a thógaint leat. B'féidir go mbeinn ag teastáil uait". "Siubhlaig ort mar sin" ars' an duine uasal.
Níor chuadar ibhfad eile nuair a bhuail fear eile leo agus é ag briseadh gach aon charraig lena thóin. "Cad tá ar siubhal agat?" ars' an duine uasal leis,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheál O hEaluighthe
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Fear poist (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Damhros, Co. Chiarraí