Scoil: Kenmare (B.) (uimhir rolla 2849)
- Suíomh:
- Neidín, Co. Chiarraí
- Múinteoirí: Eoghan Ó Súilleabháin Liam Mac Cuisín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Kenmare (B.)
- XML Leathanach 523
- XML “Ciall Cheannaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ciall Cheannuigh.Bhí ghiúdach ina chómhnuidhe i dTuaith oSiosta uair. Bhí mac aige. Nuair abhí an mac in aois fir, dubhairt an t-athair leis go m'b'fhearra dhó bheith ag deánamh dó féin agus a aghaidh a thabhairt ar an saoghal.
"Ach, sar a n-imtheóchaidh tú", ar seisean ba mhaith liom cómhairle amháin a chur abhaile ort mar is dóigh liom go mbeid sé a' teastáil uait go minic.
Thóg sé leis an mac agus chuir sé ináirde ar chrann é. "Léim anuas anois", ar seisean leis. "An amhlaidh a mheasann tú mé bhascadh" ars an mac. "O, ní baoghal duit" ars an t-athair, "béarfad greim ort sar a mbuailfir igcoinnibh na gcloch."
Do léim an mac anuas ach níor chorruig an t-athair chun breith air. "Cad na thaobh nár rugais greim orm?" ar seisean leis. "Theastuig uaim ceacht a mhúineadh dhuit" ars an t-athair "mar chím go bhfuil tú ana shímplidhe. As so amach ná bíodh muinghín agat as aoinne fiú amháin t-athair féin".- Faisnéiseoir
- Eóghan Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Achaidh Thiar, Co. Chiarraí