School: Kenmare (B.) (roll number 2849)
- Location:
- Neidín, Co. Chiarraí
- Teachers: Eoghan Ó Súilleabháin Liam Mac Cuisín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Kenmare (B.)
- XML Page 502
- XML “Triúr Mic na Baintrí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Cad a thabharfaidh tú dhom?" ar sé. "Cúig ceud púint" ar seisean. "Bhfuil cúig ceud púint annsan agat?" ars' an buachaill. "Tá", ar seisean á theasbáint dó. "Cuirfidh mé an net óir igoinnibh do chúig ceud púint go bhfaighidh mé póg ód mhnaoi ar maidin imbáireach". "Síos leis" ars an máighistir. "Bí ibhfolach sa sgioból ar maidin" ar seisean.
Tháinig an mhaidin. Chuaidh an buachaill agus an máighistreás isteach sa sgioból agus thosnuig an pógadh. Phreab an máighistir ina shuidhe. "Cad é seo ar siubhal?" ar seisean. "Trom mo chúig ceud púnt láithreach" ars an buachaill Do thug. "An aon locht a gheibheann tú ar seo?" ar seisean. "Seadh, mo dhóthain mhuise" ars an máighistir. "An dá chluais ón gceann díot" ars an buachaill. Do fuair sé sgian agus do bhain annuas iad. Shín sé an net óir chuig an maighistreás. "T'rom mo dhá phúnt deog chómh maith lem chúig ceud" ar seisean.
Fuair sé é agus d'imthig leis abhaile agus bhí an bheirt dhrithear eile(continues on next page)- Informant
- Mícheál Ó hEaluighthe
- Gender
- Male
- Address
- Damhros, Co. Chiarraí