Scoil: Leithead (uimhir rolla 5480)
- Suíomh:
- An Leithead, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Diarmuid Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leithead
- XML Leathanach 063
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear in a chómhnuidhe i Louch-ána-crín. Oidhche amháin thánaig bean isteach agus chuaidh sí in aice an teine. Bhí píopa aice agus lasadh sí an píopa gach oidhche. Cuireadh sí an píopa isteach i bpoll in aice na teine trí oidhche in a dhiaidh a chéile. Bhí fear a' tighe ag féuchaint ó'n seómra mar ní raibh aon doras an uair sin ins an seómra. Báideór a bhí an fear. An oidhche deirneach a thánaig sí dhein sí fothrom nó rud éigin amuigh. Chuaidh an fear amach, mar bhí bád amuigh san clós, agus bhí eagla air go lasfadh sí an bád. Nuair a chuaidh sé amach ní fhaca sé aoine. Cúpla lá in a dhiaidh san fuair an fear sin bás. Bhí aithne aige ar an bean agus bhí an bean marbh an t-am sin.
- Bailitheoir
- Máighréad Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann