Scoil: Leithead (uimhir rolla 5480)
- Suíomh:
- An Leithead, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Diarmuid Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leithead
- XML Leathanach 071
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear shuas i Lauragh. Áon oidhche bhí an fear ag dul go dtí Neidín le mhuca. Nuair a bhí sé bhárr Carraighnoigean (?) do rith an bhean fé cosa an capaill agus bhí eagla ar an bhfear. Chuaidh sé go dtí an Neidín agus thanaigh sé abhaile arís. Nuair a thanaigh sé abhaile dinnis sé an sgéal da a mnaoi. Dubhairt a bhean leis dul go dtí an sagairt agus an sgéal a ninsinnt agus chuaidh an fear agus dhinis sé an sgéal dho. Dubairt an sagairt leis leis ar chaith sé an uische coisrighthe ar an gcapall agus ar an gcárr, agus dubairt an fear leis an sagairt gur chaith sé ar an gcárr agus ná chaith sé ar an gcapall. Dubairt an sagairt leis ní raibh aon mhaith ar nuair nár chaith sé ar an gcapall é. Iniadh é sin fuair abhean bás. Pádraig O Shúilleabháin a fuair an sgéal seo ón a mháthair, bean Shéamuis Uí Shúilleabháin R. a chualadh an sgéal sa Gleann Mór agus í 'na cailín óg.
- Bailitheoir
- Pádraig O Shúilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Bean Séamuis Uí Shúilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann