Scoil: Leithead (uimhir rolla 5480)
- Suíomh:
- An Leithead, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Diarmuid Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí madra ag Mac Finghin Duibh agus bhí sé ana cheanamhail air. Nep/Neptune a b'ainm do. Chuaidh Mac Finghin Duibh go dtí Sasana ar feag cúpla seachtmhaine agus d'fhág sé an madra sa bhaile. Bhí uaigneas ar an madra agus chuaidh sé na dhiaid. Nuair a chuaidh sé go dtí an fhairrge bhí an long in a raibh a mháighistir imighthe. Chuaidh sé isteach i long eile agus chuaidh sé go dtí Sasana. Nuair eirig Mac Finghin Duibh ar maidin d'fheach sé amach an fhinneóg agus chonnaic sé Nep. Dé h-Aoine a beadh é. Nuair a bhí sé ag ithe a dhinnéir bhí íasc aige agus bhí feóil ag na daoine eile. Dfiafruigh fear de cad é an fáth ná raibh sé ag ithe Feóla. Dúbhairt sé ná híosfadh sé ná a mhadra aon feóil Dé hAoine. Dúbhairt an fear go n íosfeadh a madra feóil. Do gclaoidh sé ar Nep agus thug sé feól do. Ní íosfadh Nep an fheóil mar Dé hAoine a beadh é.
- Bailitheoir
- Áine Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Neansí Ní Shúilleabháin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80