Scoil: Bunaneer (uimhir rolla 10242)
- Suíomh:
- Bun Inbhir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Siobhán Ní Choncubhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bunaneer
- XML Leathanach 240
- XML “Bia na Seanaimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó do bhíodh trí béile achu sa ló, an breachfeast, an dínnéir, agus an súipéar. Deinidís obair cruaidh go minich roimh an chéad béile. Ní té a bhíodh achu san t-sean-aimsir mar ní raibh áon trácht ar té an úair sin. Dithidís arán agus bainne ramhair i gcóir an breichfeast. Do bhíodh an béile sin ar a deich a clog ar maidin. Do bhíodh prátaí agus iasg achu i gchóir an dinnéir, agus min-coirche i gcóir an súipéar. Do bhíodh pota beagh prátaí achu, agus ólfhaidís a ndóithin bláthach. Núair a bhíodh béile ar siúbhal cuirfhidís an bórd i naiche leis an racha i dtreó is go súidhfheadh gach duine na tímpal, mar ná raibh púinn cathaoireacha achu an úair sin. Bhíodh dhá saghas aráin achu arán bán agus arán búidhe. Bhíodh an t-arán búidhe ag na daoine bochta, agus an t-arán bán ag na daoine úaisle. Núair a bhíodh siad á déanamh, fúaireadh siad an min agus measgheann siad é le uisge teich agus roinnt bainne agus deineadh siad é bhácháilt ar an gridéal. Dheinidís ceithre cuid de núair a bhíodar á bhácáil. Ní bhíodh aón fheóil achu ach úaireanta, ach bhíodh íasg achu i gcómhnuidhe, is mar seo a bhfaigheadh na daoine ná raibh i n-aiche leis an fharrge an t-íasg thabharfhaidís olann ar an t-íasg. Áon úair a bhíodh feóil ghuirt a bhíodh achu mar marbhuidís na gamhna óga mart fheóil a tughtaí ar. Bhíodh a lán uibhe achu Domhnach Cáscha agus íosfhadh gach duine tímpal sé chínn achu an lá sin. Bhíodh a lán feóil agus uische beatha ag na daoine i gcóir an Nodhlagh agus(leanann ar an chéad leathanach eile)