Scoil: Bunaneer (uimhir rolla 10242)
- Suíomh:
- Bun Inbhir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Siobhán Ní Choncubhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bunaneer
- XML Leathanach 306
- XML “Súgradh na Leanaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Súghradh na leanbh
Tógann duine des na leanbaí blúire de chipín: agus cuireann sé ceann de san teine. Nuair a bhíonn sé dearg tógann sí amach é agus síneann sí cun an duine i n-a h-aice féin é agus deireann sí agus an cipín in a láim aici.
Seo mo bhírin duit, cad is brígh dó
Má fhaigheann mo bhirín beó bás idir do dá láimh
Bíodh an trom trom, ort.
Tógann an duine in-a h-aice uaithe é annsan agus tugann sí do dhuine eile é ag rád na rann céadna. Pé duine go múchfhaidh an birín 'na láimh cuirfidh na daoine eile dalladh-puicín uirthi, síseann sí ar an úrlár, agus cuiridh rud éigin anuas ar a drom mar ursal, nó stól, nó fód móna, ag rád le gach aon ualach.
Trom, Trom.
Cad tá ar do chionn?
Beidh sí ag tomhas cad tá ar a drom, agus fágfar annsan é go mbeidh an tomhas ceart aici. Mar so, má cuir duine éigin fód móna ar a dhrom agus nuair deir sí, bféidir, go bhfuil an gadhar anuas uirti, déarfaidh an duine eile, fan annsoin, a fhóid móna go dtiocfaidh an gadhar" - ach ar a mbás ní cuirfheadh siad an gadhar anuas uirte 'na dhiaidh sin.- Bailitheoir
- Siobhán Ní Chonchubhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Siobhán Bean Uí Chonchubhair
- Inscne
- Baineann