Scoil: Bunaneer (uimhir rolla 10242)
- Suíomh:
- Bun Inbhir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Siobhán Ní Choncubhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bunaneer
- XML Leathanach 290
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sean bean ann fad ó agus ní raibh aon scannradh ar talamhm an domhain ach a raibh d'airagead aice. Ór buidhe ar fhad a bhí aici. Do mair sí i bhfad acht thánaig an bás sa deireadh.Do mhothuig sí ag teacht é agus má mhothuig bhí an t-airgead ag deanamh mearathail an domhain di.Ní raibh aoine 'na theannta acht cailín agus nuair a fuair sí go gcaitfeadh sí gealladh don bhás dubhairt sí leis an gcailín an t-ór a leaghadh ar an dteine go n-ólfad sí é - bhí an oireadh san de shainnt agus de dhúil aici ann.Cad do dein mo chailín, le mhéid a gliocais, acht cnapán ime d'fághail agus leaghadh ar an dteine in ionad an óir agus é thabairt dí le n-ól.Níor bhfada na dhiaid sin go bhfuair sí bás.
an t-ím is-dóca fé ndeara an bás obann! Is í abhí go sásta ag dul cun báis di mar cheap sí gurbh é an t-ór a bhí ólta aici. Níorbh eadh - ámhthach, bhí sé ag an gcailín agus is aici bhí an saogal breag as san amach.- Bailitheoir
- Siobhán Ní Chonchubhair
- Inscne
- Baineann