Scoil: Seana-Caiseal (uimhir rolla 16745)
- Suíomh:
- Seanchaiseal, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Fhoghludha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí rí i Sasana fadó. Ní raibh aige ach aon inghean amháin. Ní thabharfhadh sé an inghean le pósadh d'aoine ach do dhuine go n-déarfheadh sé "thugais éitheach" trí h-uaire leis (agus cuirfheadh sé cun bháis ansan) Tháínig morán ógánach fé na dhéin, agus ní dubhairt sé "thugais éitheac le h-aoine acu. Cuir sé iad go léir cun bháis. Bhí mach bhaintrig in Éirinn agus dubhairt sé le na mhathair dá mb'eadh culait eadaigh nuadh aige go raghadh sé fé na dhéin. "Mo thruagh do cheann a amadáin" dubhairt an mháthair leis "bhfearra duith ciall a bheith agat." Cualaidh na comharsain go raibh éíleamh ar imtheacht aige agus deineadar suas culaith nuadh dhó agus costas an bhóthair na theannta(?). D'éirigh sé go moch ar maidin agus d'fág sé slán ag a mháthair. Níor stad sé riamh is coidhche go dtí go bhfuair sé amach pálás a rí i Shasana. Cuir an rí cead míle fáílte roimh an duine uasal ó Éirinn mar dheadh. Thóg sé isteach é agus thgu sé súipéir agus leabaidh mhaith dhó. Ar maidin lá'r na bháireach nuair d'eirigh sébhí breicfeast mhaith ullamh dhó. Nuair abhí an breicfeast caitthe aige thóg an rí amach sa gairdín é theasbáin sé chruach féir dó. D'íarr sé leis an bhfeaca sé aon cruach féír cómh bhreagh le sin. Connaich" adubhairt sé. "Tá cruach fhéir ag mo mhathair sa abhaile agus ní dheanfadh sé sin súgán de." "Ó is fearr é sin ná(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Táilliúra
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Bealalaw Bridge, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Fóghludha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- An Currach Beag, Co. Chiarraí