School: Seana-Caiseal (roll number 16745)

Location:
Shanacashel, Co. Kerry
Teacher:
Máire, Bean Uí Fhoghludha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0470, Page 130

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0470, Page 130

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Seana-Caiseal
  2. XML Page 130
  3. XML “Scéal - Deargéitheach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí rí i Sasana fadó. Ní raibh aige ach aon inghean amháin. Ní thabharfhadh sé an inghean le pósadh d'aoine ach do dhuine go n-déarfheadh sé "thugais éitheach" trí h-uaire leis (agus cuirfheadh sé cun bháis ansan) Tháínig morán ógánach fé na dhéin, agus ní dubhairt sé "thugais éitheac le h-aoine acu. Cuir sé iad go léir cun bháis. Bhí mach bhaintrig in Éirinn agus dubhairt sé le na mhathair dá mb'eadh culait eadaigh nuadh aige go raghadh sé fé na dhéin. "Mo thruagh do cheann a amadáin" dubhairt an mháthair leis "bhfearra duith ciall a bheith agat." Cualaidh na comharsain go raibh éíleamh ar imtheacht aige agus deineadar suas culaith nuadh dhó agus costas an bhóthair na theannta(?). D'éirigh sé go moch ar maidin agus d'fág sé slán ag a mháthair. Níor stad sé riamh is coidhche go dtí go bhfuair sé amach pálás a rí i Shasana. Cuir an rí cead míle fáílte roimh an duine uasal ó Éirinn mar dheadh. Thóg sé isteach é agus thgu sé súipéir agus leabaidh mhaith dhó. Ar maidin lá'r na bháireach nuair d'eirigh sébhí breicfeast mhaith ullamh dhó. Nuair abhí an breicfeast caitthe aige thóg an rí amach sa gairdín é theasbáin sé chruach féir dó. D'íarr sé leis an bhfeaca sé aon cruach féír cómh bhreagh le sin. Connaich" adubhairt sé. "Tá cruach fhéir ag mo mhathair sa abhaile agus ní dheanfadh sé sin súgán de." "Ó is fearr é sin ná
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0852: The Hero Forces the Princess to Say, “That is a Lie.”
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Táilliúra
    Gender
    Female
    Address
    Bealalaw Bridge, Co. Kerry
    Informant
    Pádruig Ó Fóghludha
    Gender
    Male
    Age
    60
    Address
    Curragh Beg, Co. Kerry