Scoil: Gleann Beithe (B.) (uimhir rolla 4762)
- Suíomh:
- Gleann Beithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Séamus Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Beithe (B.)
- XML Leathanach 108
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sí chun na trágha. Chonnaic an fear ag imtheacht í, fuair sé a chapall agus lean sé go dtí an fhairrge í ach do bádhadh an capall. Seán Ó Sé an ainm a bhí ar an bhfear. Deirtear go bhfuil an bhean-mara ins an bhfarraige fós agus go mbíonn sí le feisgint roimh eirghe gréine lá Bealthaine. Dinnis mo athair Pártalán Mac Suibhne ó Baile na Cille an sgéul so dom.
- Sgéul
Bailighthe ag Seán Mac Suibhne Baile na Cille.Bhí beirt dhrifiúr in a gcómhnuidhe i nGleann Beithe fadó. Do théigheadh duine aca mor-thímpal na tíre ag bailiúghadh déirce agus nuair a thagadh sí abhaile do théigheadh an duine eile ag bhailiúghadh agus is mar sin a bheathaidh siad iad féin. Uair amháin chuaidh duine aca ag bhailiúghadh agus chaith sí tamall abhfad ó bhaile agus fuair an duine eile breóite an fhaid a bhí sí imighthe agus bhí sí go h-olc. Thagadh na cómharsana chun an tighe an fhaid a bhí sí breóite agus thugaidís aire dhi. Tar-éis tamaill mhóir fuair sí bás. Nuair a bhí sí ag dul chun bháis dubhairt sí leis na daoine a fó-ghúna(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na Cille, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Buachalla
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na Cille, Co. Chiarraí