Scoil: Gleann Beithe (B.) (uimhir rolla 4762)

Suíomh:
Gleann Beithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Séamus Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 148

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 148

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Beithe (B.)
  2. XML Leathanach 148
  3. XML “An Breach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An "Breach"
    Bailighthe ag Pádraig Ó Ríordáin ó Cúl Ruadh.
    Bhí fear ann agus is é ainm a bhí air ná Nolan agus do thóg sé an bóthar go dtí an Breach. Bhí sé i seirbhís an tighearna talmhan. Bhí na daoine ag obair ann agus bhíodh ar feadh sé mhí. Bhí caoga fear ag obair ann agus bhíodh fiche capall ag obair ann. Bhí cúig céad púnt chun an bóthar a thógaint go dtí an Breach.
    Ní gheibheadh na fir ach réul an duine gach lá agus leath coróinn don fhear go mbeadh capall aige. Nuair a tógadh an droichead do thuit sé arís an oidhche céadna. Bhí an taoide ró-láidir do. Do tógadh an dara uair é ach do leag an taoide arís é. Níor deineadh aon iarracht ar é a thógaint an tríomhadh uair. Bhí file éigin i ngleann agus do chúm sé amhrán mar gheall air, ach bhféidir liom aon chuid de d'fhághail.
    D'innis mo shean-máthair Máire bean Uí Ríordáin ó Cúl Ruadh é seo dhom.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Ó Ríordáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Chúil Rua Íochtarach, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Uí Ríordáin
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Chúil Rua Íochtarach, Co. Chiarraí