Scoil: Gleann Beithe (B.) (uimhir rolla 4762)
- Suíomh:
- Gleann Beithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Séamus Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Beithe (B.)
- XML Leathanach 151
- XML “An Mondó”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Mondó
Bailighthe ag Domhnall Ó Murchadha ó Cill na mBreacBreis is triocha blian ó shin ag rinnce dóibh ar fuid na tíre ba ghnáthach "An Mondó" a bheith ar siubhal ionnus go mbeadh cailín ag gach fear ins an gcuideachtain agus go mbeadh ar an díol aisti. Sórt magaidh fá phósaidh a bhí ann. Amach san oidhche agus roimh caitheamh na tae dhóibh do théigheadh beirt fhear go mbeadh aithne agus eolus acha ar gach aoinne fé láthair. Théighidís cois an doras agus dhúnaidís é. Annsan deireadh duine acha leis an bhfear eile "Iontuig a' bior" adeireadh sé. "Ní fhéadfainn é." adeireadh an fear eile. "Cad na thaobh mar ná bhfuil Seán Ó Sé pósta le Máire Ní Ceallaigh." "Bheul pósaimíd iad."
Annsan théighidís agus chuiridís d'fhiacaibh ar an bhfear a luaidhte dul i n-aice leis an gcailíin agus breith ar láimh uirthi. Do leanaidís(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Domhnall Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Muineacháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Com Sathairn, Co. Chiarraí