Scoil: Gleann Beithe
- Suíomh:
- Gleann Beithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Beithe
- XML Leathanach 325
- XML “Comharthaí Aimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Comharthaí AimsireAinm an aithriseóra: Bean Uí Gráda.
A Seoladh: Cill na mBreac, Gleann Beithe.
A Aois: 81 bl.Tá a lán chómharthaí aimsire ag baint leis an spéir, leis an ngealaigh, agus leis an ngaoith, leis an bhfairrghe, leis na h-éanlaithibh agus al.
Nuair a bhíonn na sgamhaill ag rith treasna na spéire agus nuair a bhíonn creachail mór timcheall na gealaighe beidh báisteach againn.
Má bhíonn dáth dearg ar an spéir ins an samhradh beidh aimsear breagh grianmhar againn agus nuair a bhíonn an dath dearg ann sán ngeimhreadh beidh aimsear stoirmeach againn.
Seo rádh mar geall ar an aimsir.
Dá thapúla an bháisteach is tapúla a stadhann sé.
Nuair a séidheann an ghaoth anoir annso beidh aimsear ana fhuar againn agus más í an ghaoth adhtuaidh beidh sioc agus sneachtha againn agus tughann an ghaoth aniar nó andheas báisteach agus stoirm chughainn.
Nuair a thagann na faoileáin ón bhfarraighe agus gach aon béic aca beidh fearthainn agus aimhsear olc againn agus nuair a thagainn na géana fhiadhna go dtí an talamh ní beidh aimsear breágh againn. nuair eitileann siad í dtreó na fairrge beidh aimsear(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighidh Ní Súilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chora, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Gráda
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 81
- Seoladh
- Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí