Scoil: Caisleach (uimhir rolla 16018)
- Suíomh:
- An Chaisleach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádruig Breathnach
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caisleach
- XML Leathanach 283
- XML “Filíocht - Tuirne Lín”
- XML “Muintir Chill Mhic Iarainn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Muinntir Cíll Mic IarrainnBhí dream deagh mheabhrach i bpróiste na Dromada fadó i mbaile go glaodtar Cill Mhic Iarrainn air. Bhí triur ban aca ag teacht o Cathair Saidhbhín lá nuair a tangadar go crois Ucar Mong. Connaic duine aca píosa óir ar an mbóthar. D’íslig sí síos cun é thógaint suas. Tháinig bean eile taobh thiar di, caith sí thairis amach agus annsan d’ísligh sí féin cun é thógaint suas ach caith an triomhad bean amach arís i agus do thóg sí féin an t-ór. Thósnuig an triur aca ag troid mar gheall air an bpíosa óir acht fé dheire do socruigheadar an sceal d’fhágaint fé an céad fhear bhuailfeadh leó. Ní rabhadar imthíghthe i bhfad nuair a bhuail fear leó, d’innseadar an sceul do agus dubhairt sé leo, “An ceann is fearr aca a dhéanfadh an t-amadán is mo da fear nuair a raghadh sí abhaile, is i sin a geobfhad an t-ór. Nuair a tháing an chead bhean bhí a fear istig roimpí d’áiteamh sí air narbh é a fear a bhí ann in aon chor. D’imthigh fear agus d’innis dá chomarsánaibh é. Tháinig siad leis go dtí an tig agus dubhradar le na mhnaoí mas é Tadg atá ann aithneochaidh an gadhar é do griosaig sí an gadhar leis, High Portar beir air an stroinséar. Dubhairt an duine bocht narbh é an fear ceart é féin in aonchor. Thainig an tarna bhéan agus dubhairt sí le na fear go raibh(leanann ar an chéad leathanach eile)