Scoil: Caisleach (uimhir rolla 16018)
- Suíomh:
- An Chaisleach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádruig Breathnach
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caisleach
- XML Leathanach 292
- XML “Píosa Filíochta”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- SgealBhí fear ann fadó agus do chuir sé beirt ban a bhí aige agus ní raibh sé sásta gan an tríomhad bean do phósad. D’imthig sé air cun cleamhnas do dheanamh do féin agus níor stad go dtí gur chuaidh sé go Neidín. Chuaidh sé isteach i dtig go raibh cailín óg. D’fíar fear an tighe de cad a bhí uaid. Dubhairt gur ag lórg mná a bhí sé. Ó arsa fear an tighe is maith mar a thárlaig. Tá sé anso agamsa agus má deinimíd an tsocrúgad agus má thaithnigheann sibh féin le na chéile. Do dheineadar an cleamhnas gan moíll agus do cuadar go dtí an sagart cun an socrú a dheanamh. Seadh arsa sagart leis an ógánach ní féidir liomsa tú do pósad gan teistiméireacht do shagart paróiste do beidh agam ar dtúis. Ó, ní dhéanfhaidh san aon deifir arsan t-ógánach, geobhaidh mé é gan moíll. D’imthigh sé air go dtí a shagart féin cun an teistiméireacht dfághail uaidh. Conus dfeadfhainn é sin do dheanamh arsan sagart agus nar fiú tú é. Ó, ar son Dé Athair tubhair dom é ar slighe éigin. Fuair an sagart páipéar agus do scríobh sé ann:
Níl aige bóthán tighe ná troscán, agus is minic ar an gcnocán é ag bruingheatach.
Do mhairbh sé Siobhán an tarna leannán agus ní taise don donnán a bhí aige roimpe.
Bíodh sé ag gabháilt de smután idir a dá slinneán agus ba mhinic í ar féurán i dtig a muintir.(leanann ar an chéad leathanach eile)