Scoil: Caisleach (uimhir rolla 16018)

Suíomh:
An Chaisleach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádruig Breathnach
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 294

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 294

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caisleach
  2. XML Leathanach 294
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus dubhairt an púca Éireannach go raibh sí rófhada ó bhaile acht dubhairt an púca éile ná bheadh sé féin i bhfad a thabhairt annso í féin agus an leabaidh go raibh sí na luíghe air. Cun siubhail leis agus í gciunn cúpla uair a clúig bhí sí tabhartha leis aige í féin sa leabaidh go raibh sí na luighe air. Annsan cuireadar an leabaidh in aice an tuama ná raibh an buachaill na luighe agus d’iniucadar go gearr iad. Deineadar amach gur breághtha an buachaill. Bíonn clis ins na púcaí í gcomhnuidhe agus cad a dheineadar ná an buachaill a dutaiceact agus é a cur ag feuchaint ar an gcailín é. Níor iongna ná gur thuit sé í dian gradh léi. Cuireadar na codlad arís é agus duisigeadar an chailín annsan agus chuireadar ag feuchaint ar an gcailín é agus thuit sí siúd in gradh leis an buachaill cómh maith. Cuireadar isteach sa leabaidh arís í agus thuit sí na codhladh arís annsan. Thog sé idir leabaidh agus uile agus chuir sé siar ins an áit na bhfuair sé í. Nuair a dhútcaig an buachaill ar maidin seo ag lorg an cailín é agus nfheadhfad sé í fhághail. D’imthig sé leis abhaile annsan agus níor dein sé an lá maitheasa as san amach.
    D’imthig an rud ceudna ar an gcailín agus bhí sí ag dul as gach lá as san amach. Chuaid an buachaill go dtí a lán doctúirí acht níor deineadar aon mhaitheas do acht an t-aon doctuir amain agus dubhairt sé sin gur in gradh a bhí sé agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0516: Faithful John
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Briain
    Inscne
    Fireann