Scoil: Caisleach (uimhir rolla 16018)

Suíomh:
An Chaisleach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádruig Breathnach
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 315

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 315

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caisleach
  2. XML Leathanach 315
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    itheann sé féin agus a bhean íad. “Is ionghantach an fear é” arsan táilúir ach muinfeadh sa é. Téir agus ceannuig adhbar bríste agus raghad-sa go dtí an tig cun é do deanamh. “Tá go maith” arsan fear óg agus do cheannuig sé adhbhar an bhríste. Do chuaidh an táilúir go dtí an tig cun é do dheanamh. Nuair a bhí an suipéir ullamh do chuaidh an táilúir agus an fear óg ag ithe. Do bhailig an seanduine carn prátaí thart air agus ní raibh dá práta ithe aca nuair a dubhairt sé “Seo síos cun na muiche leó seo.” “Nílimse sásta fós” arsan tailúir “agus aoinne atá sásta tá cead aige stop.” “Táimse sásta agus tá mo bhean sásta” arsan seanduine. “Nílimse sásta fós” arsan tailúir agus bhí sé ag ithe go raibh sé sásta. Thugadar na prátaí cun na muice agus dúbhairt an tailúir “Cad chuige an charn seo prátaí atá in aice leis an seanduine” agus do chaith sé síos cun na muice iad.
    Do cuadar a codlad annsan. Ní rabhadar abhfad ina gcodhladh nuair a dúbhairt an sean-duine le na mnaoi “eirig agus dein pota leithe dom.” D’eirigh sí agus dhein sí an leite agus d’eirig tailúir na dhiaid agus bhí sé a cur a chosa in aice an teine agus do dhort sé an leite. D’innis sí don sean fhear cad a dhein an tailúir. Dúbhairt sé léi annsan deoch a thúbhairt do. Fuair sí an deoch agus d’ól an tailúir é. Dúbhairt sé léi annsan dul amach sa gáirdín agus tor cabáiste a tubhairt isteach. Dúbhairt sí ná raghad amach an uair seo don oidhche. D’eirig sé féin annsan agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1363: Tale of the Cradle
    AT1544: The Man who Got a Night's Lodging
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Concúbhair
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Concúbhair
    Inscne
    Fireann